Tá áthas orm fáilte a chur romhaibh chuig ár dtríú feachtas
náisiúnta chun feasacht ar shlándáil ríomhaireachta a ardú:
makeITsecure 2008.
Toisc gurb é seo an chéad uair a sheachadtar an feachtas ar
bhonn uile-Éireann, ba bhreá liom fáilte a chur roimh
Rt Hon. Peter Robinson
MLA freisin, agus buíochas a ghabháil leis as oibriú linn
chun Tuaisceart Éireann a chuimsiú i bhfeachtas na bliana seo.
I dteannta sin, ba bhreá liom buíochas a ghabháil lenár n-urraitheoirí
as a rannpháirtíocht leanúnach inár bhfeachtas náisiúnta agus fáilte
ó chroí a chur roimh na páirtithe nua 3 agus O2.
Is í aidhm an fheachtais ná a chinntiú go mbíonn eispéireas dearfach
ag úsáideoirí ríomhairí, leathanbhanda agus an Idirlín trí fhaisnéis
bhunúsach a sholáthar faoi na saincheisteanna a d'fhéadfadh dul
i gcion ar na húsáideoirí sin.