English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Teideal: Sábháilteacht Leanaí ar Líne
Teachtaireachtaí Meandracha a Chur agus Comhrá Fíorama
Teideal: Slándáil PBX
Teideal: Príobháideacht Phearsanta
Teideal: Íocaíochtaí Slána ar Líne
Teideal: Slándáil VOIP
Teideal: Criptiú
Teideal: Meicníochtaí Scagacháin
Teideal: Saincheisteanna Dlí a bhaineann le Slándáil TF
Teideal: Fuadach Móideim
Teideal: Feirmeoireacht
Teideal: Diúscairt Shlán & Shábháilte Ríomhairí
Teideal: Turscar
Cad í?
Cad iad na rioscaí a bhaineann leis an Idirlíon?
Cad le déanamh?
Treoirlínte d'úsáid an Idirlín ag leanaí
Leideanna Is Tábhachtaí
Teideal: Sábháilteacht Leanaí ar Líne
Is uirlis thaitneamhach, shóisialta agus oideachasúil é an tIdirlíon, ar choinníoll go n-úsáidtear go ciallmhar é. Cé go bhfuil uirlisí scagacháin Idirlín éagsúla ar fáil chun cabhrú le cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar míchuí, níl aon rud níos fearr ná rannpháirteachas tuismitheoirí.

Conas a úsáideann leanaí an tIdirlíon. Bíonn rochtain ag leanaí ar an Idirlíon ar ríomhairí, ar ghutháin soghluaiste agus ar chonsóil chluichí sa bhaile, ar scoil, i dtithe a gcairde, i leabharlanna, i gCaiféanna Idirlín agus fad agus atá siad ag gluaiseacht. Úsáideann siad é don obair bhaile, do chluichí ar líne, do bhlaganna, agus chun teachtaireachtaí meandracha agus ríomhphoist a chur.

Tabhair cumhacht do leanaí chun iad féin a chosaint. Cé go bhfuil sé taitneamhach, sóisialta, oideachasúil agus cruthaitheach, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimíonn leanaí conas an tIdirlíon a úsáid go ciallmhar. Ní féidir linn bheith lenár leanaí an t-am ar fad, agus mar sin, tá sé tábhachtach scileanna a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo na cinntí cearta a dhéanamh i gcoinníollacha a d'fhéadfadh a bheith dainséarach. Tríd an gcumhacht a thabhairt dóibh, tá sé níos dóchúla gur féidir leat múineadh dóibh conas coinníollacha dainséaracha a sheachaint go hiomlán. Déan idirghníomhú le do leanaí i gcónaí agus labhair leo faoina n-eispéiris ar an Idirlíon. Bíodh eolas cothrom le dáta agat faoin teicneolaíocht atá á húsáid acu ionas gur féidir leat foghlaim leo. Bíodh a fhios agat cé na daoine a mbíonn siad ag labhairt leo agus cé na suímh a dtugann siad cuairt orthu nuair a bhíonn siad ar líne.

logos