Is gníomhaíocht neamhdhleathach é a tharlaíonn nuair a ligeann coirpigh ar líne (iascairí) orthu gur eagraíochtaí dlisteanacha iad, cosúil le bainc agus
cuideachtaí cárta creidmheasa, mar chleas chun do shonraí pearsanta a fháil uait.
De ghnáth, seolann ríomhphost chugat ina n-iarrann siad ort faisnéis phearsanta a 'fhíorú' nó a 'athsholáthar' trí ríomhphost a sheoladh ar ais.
D'fhéadfaidís iarraidh ort foirm a chomhlánú ar líne, agus uaireanta, tairgeann siad rud éigin mealltach, cosúil le hairgead nó laethanta saoire, mar bhuíochas as comhlánú na foirme.
Bí ar d'airdeall maidir le haon duine a lorgaíonn sonraí do chuntas bainc, uimhreacha cártaí creidmheasa, pasfhocail, PIN, d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) nó d'uimhir Árachais Náisiúnta.
Féadann iascairí an fhaisnéis seo a úsáid chun tú a phearsanú agus airgead a aistarraingt as do chuntas banc gan údarás agus chun íoc as earraí ceannaithe ar líne. Féadann siad an fhaisnéis luachmhar seo a dhíol le tríú páirtithe fiú.