English
Gaeilge
Mandarin
Polish




Leideanna is Tábhachtaí - Coinnigh Slán É
Seo duit roinnt rudaí le déanamh agus le seachaint chun do chóras a choinneáil slán:
BAIN ÚSÁID i gcónaí as ríomhchlár Frithvíreas agus coinnigh cothrom le dáta é.
BÍODH do chóras oibriúcháin cothrom le dáta agat i gcónaí. Roghnaigh 'yes' nuair a iarrtar ort na nuashonruithe is déanaí a shuiteáil.
COINNIGH do phasfhocail príobháideach i gcónaí. Athraigh go rialta iad.
DÉAN cóipeanna cúltaca de do shonraí tábhachtacha i gcónaí. Áirítear orthu sin cáipéisí, pictiúir agus ríomhphoist. Coinnigh an chóip chúltaca in áit shábháilte.
DÉAN CINNTE go bhfuil nasc slán á úsáid agat i gcónaí nuair a dhéanann tú siopadóireacht ar líne. Fair amach do https:// agus bain úsáid as cuideachtaí creidiúnacha a bhfuil muinín agat astu i gcónaí.
NÁ hOSCAIL iatáin ó dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu. D'fhéadfaidís a bheith ionfhabhtaithe le víreas.
NÁ BUAIL le duine éigin ar bhuail tú leis nó léi ar líne gan duine fásta a bhfuil muinín agat as nó aisti a bheith i láthair.
NÁ CLICEÁIL ar mhíreanna aníos riamh. D'fhéadfaidís a bheith ionfhabhtaithe le bogearraí spiaireachta.
NÁ TABHAIR FREAGRA ar ríomhphost a iarrann faisnéis phearsanta. Ní iarrfaidh cuideachta chreidiúnach ort é sin a dhéanamh riamh.
NÁ CREID gach rud a insíonn duine duit ar líne. Insíonn daoine bréaga.
logos